A cabeleira multilingüe

 

Juan Renales Cortés | Gaélico irlandés

An Ghruaig
(Sleachta)

Rugadh mé i dtír ghlas cheann an domhain, tír a bhíodh ar fán i ndiaidh tréad bó.
Is mise sliochtach éiginnte de na ciníocha fáin úd nár stad nó gur shroich siad deireadh na talún.
Níl fréamh ar bith agam seachas fréamhacha an spóir; is í an ghaoth mo thír dhúchais.
Mothaím mar a bheinn de shíol na bpobal úd nár bhunaigh riamh stáit dóibh féin.
Bhí eolas ag ár spiorad ar an aibhéis agus ar chiall theallúireach na timpeallachta.
Stair phobail a d’imigh as compás agus a chuaigh i measc na mbó a bhí i ndán dúinn.
Ach fuair mise ar ais i lár an longbhriste réalta an eolais ag sileadh go macnasach de ghruaig na geallaí.
Agus is cathair ghríobháin í an ghruaig as cuimse seo, ina bhím ag caint le mo ghrá amháin.

(Aistriúchán go Gaeilge le Juan Renales Cortés)


Lectura de Juan Renales Cortés